Bearna Na Forbacha 
Aontaithe*

Click here to edit subtitle

A chairde,


Is club é Bearna Na Forbacha Aontaithe atá lonnaithe sa Ghaeltacht agus dá bhrí sin, tá dualgas orainn an teanga a spreagradh agus a chur chun cinn i measc ár gcuid ball.


Mar shampla, tá cónaí ar 38% de bhaill an Chlub taobh istigh de Limistéar Pleanála Teanga Chois Fharraige, ar a n-áirítear cuid de na pobail Gaeilge is láidre sa tír, go háirithe na pobail ón Spidéal siar.


Tá cónaí ar 46% eile i mBearna and i Maigh Cuillinn, dhá cheantar Gaeltachta cé go bhfuil an teanga níos laige sna pobail seo.


Rud amháin atá cinnte, ní mór dúinn tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge mar theanga teaghlaigh agus pobail, más mian linn nach gcaillfí go luath cuid shaibhir dár n-oidhreacht chultúir.

Seo hiad na príomhchúiseanna gur thug an Coiste Feidhmeannach faoi Phlean Teanga a réiteach don Chlub, i gcomhar le comhairleoir teanga seachtrach.

Tá cóip den phlean sa dá theanga faoi iamh agus b’fhiú do mhacnamh a dhéanamh air.


Ba mhaith linn an plean seo a chur i bhfeidhm go luath i rith 2017, más é sin is toil do bhaill an Chlub

Tá an bhéim curtha ar úsáid na Gaeilge i measc na bhfoirne faoi aois, agus tá súil againn go dtabharfaidh sé seo deiseanna dóibh taithneamh agus spraoi a bhaint as úsáid na Gaeilge taobh amuigh den scoil agus den teaghlach.


Níor cheart go mbeadh an-dua ag baint leis seo ó tharla béim ar an nGaeilge bheith i réim sna bunscoileanna ar fad sa limisteír seo, rud a fhágann go bhfuil taithí ag ár gcuid páistí ar an teanga.

Is fiú na pointí seo a leanas freisin:


  1. Déanfaidh an Plean treisiú ar iarratais an chlub ar mhaoiniú ón Stát, anois nó sa todhchaí, mar tá sé ag teacht le polasaí an Rialtais.
  2. Ar éigean a bhaineann costas le cur i bhfeidhm an Phlean.
  3. Neartóidh sé féiniúlacht an Chlub agus féiniúlacht na mball.
  4. Ní thugann an Plean céim síos don Bhéarla, ach tugann sé an Ghaeilge i láthair an Chlub.


Tá mud ag moladh go láidir duit an Plean a léamh go cúramach. Ba mhór linn a chloisteáil uait as seo go ceann 6 seachtainí, má tá aon mholadh agat féin ina.

Le gach dea-ghuí


Niall O'Ruanaigh
Runaí




  1. Intreoir
  2. Is trathúil é go bhfuil an plean seo á réiteach agus Plean Teanga Chois Fharraige beagnach, de réir ár dtuiscint, ré le bheith dá chur i bhfeidhm. Tuigeann bainistíocht an Club gur i gcomhthéacs an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge 2010-2030 atá an plean seo agus agus Plean Teanga Chois Fharraige á réiteach. Tá tuiscint ag bainistíocht an chlub, cé go bhfuil muid lonnaithe ar imeall thoir Ghaeltacht na Gaillimhe, gur Club Gaeltacha muid. Tá deathoil ag an bhainistíocht i leith na Gaeilge agus tá sé i gceist againn tógail ar an ndeáthoil agus gníomhaíochtaí, atá réaduil agus praicticiúil a chur i gcrích d’fhonn úsáid na Gaeilge a normálú in imeachtaí an club, bíodh sin ar an bpáirc peile nó as. Is le dáiríreacht agus le h-ionracas atá muid ag tabhairt faoin dtogra seo. An Staid Reatha 

Is trí Bhéarla a reachtáilfear an cuid is mó d’imeachtaí an chlub faoi láthair. Tá cor eisceachtaí ann ina n-úsáideann cóitseáilithe áirithe deonacha an Ghaeilge agus iad i mbun traenáil imreoirí óga. Ach is ar bhonn cumais agus na dea-thola a déantar é seo agus gan struchtúr eagraithe ag baint leis. Chomh fada agus a bhaineann leis an mór eagraíocht an FAI, is trí Bhéarla a fheidhmíonn an eagraíocht agus arís tá deathoil le braith agus tá sé i gceist againn tógail ar an deathoil sin. 


2. Na Dúshláin

Is club spóirt atá ann agus b’shin tosaíocht an chlub, i.e barr feabhais a bhaint amach i gComórtais Sacair. Is é manna an chlub (agus é scríofta i nGaeilge) ná – Club Barr Feabhais a Chothú. Is í an Béarla atá mar theanga de-facto bainistíochta, riaracháin agus imirthe an club. Níl taithí ag na bail ar aon chur chuige difriúil. Níl ár ndothain cóitseálaithe againn leis an dtraenáil uilig a dhéanamh trí Ghaeilge. Tá neart imreoirí/baill ann nach bhfuil an Ghaeilge acu. De bharr ár lonnaíocht ar imeall na Gaeltachta, tagann imreoirí chugainn ó taobh amuigh den Ghaeltacht nó as ceantair atá mar Chatagóir ‘C’ sa nGaeltacht de réir an SCT. 


3. Na Buntáistí

De bharr ár lonnaíocht sa nGaeltacht, tá sciar mhaith imreoirí a thagann chugainn ó na ceantair is láidre Gaeltachta, catagóirí ‘A’ agus ‘B’ de réir an SCT. Mar an gcéanna le na na cóitseálaithe. Chomh maith le sin tá a ndothain Gaeilge ag formhór na bpáistí, iad siúd ó cheantair ‘C’ san áireamh agus iad siúd fiú nach bhfuil á dtógail le Gaeilge, de bharr tionchar dearfach na mbunscoile ar a gcumas Gaeilge, le bun treoracha ar an bpaic a thuiscint. 

Cheana féin tá iarrachtaí déanta le féiniúlacht Gaelach agus Gaeltachta a chur chun cinn, mar shampla aistríodh ainm an club go Gaeilge roint bliannta ó shin agus úsáidfear an leagan Gaeilge seo i gcónaí. Dearnadh iarracht ar chomórtas idir-chlubanna sacair Gaeltachta (faoi aois) a reachtáil cheanna. Cé nár éirigh leis an dtogra tá sé i gceist againn é a dhéanamh amach anseo.


4. Cur chuige an phleanáil maidir le Polasaí Cosanta Teanga.

Tuigeann muid gur chuid den phróisis pleanála spriocanna insroichthe, ach dúshlánach, a leagan amach. Tá gá le rannphairtíocht na mball a chothú d’fhonn a n-úinéaracht ar an bplean a chothú. De bharr cultúr agus oidhreacht an Bhéarla a bheith sa gClub, tá sé i gceist againn béim faoith leith a chur ar an óige. Úsáidfear comhairleoireacht proifisiúnta sa bPleaníl Teanga leis an bplean a dhréachtadh, a chur i bhfeidhm agus le monatóireacht ar an dul chun cinn. Cuirfidh muid fáilte roimh aon mhonatóireacht a cheapann an Roinn gur gá le dearbhú go bhfuil dul chun cinn á déanamh. 


5. Comhdhéanamh Bhallraíocht an Chlub.

Is i mBarr An Bhaile, Cnocán An Bhodaigh sna Na Forbacha atá páirceanna imirthe an chlub. Tá sé seo mar chuid de Limistéar Pleanála Teanga Chois Fharraige de réir Acht na Gaeltachta 2012. Sníonn an LPT seo ó Na Forbacha chomh fada siar le Ros a’ Mhíl. Is ins an LPT seo atá cónaí ar sa bhreis is 38% de na baill - 127 as 300. Is as dhá Cheantair Pleanála Teanga (Bearna agus Má Chuilinn) eile iad 127 baill eile nó 46% den bhallraíocht eile. Is é sin le rá tá cónaí air 94% de na baill sa nGaeltacht.


Is as an nGaeltacht oifigiúil iad 94% de na baill.


7. Sprioc an Phlean Teanga

Tá sé mar sprioc ag an bPlean seo úsáid na Gaeilge a normálú sa gClub taobh istigh de thréimhse cúig bliana. Is é sin le rá na go dtabharfar stádas, aitheantas agus láithreacht don Ghaeilge sa gclub. Caithfear a bheith réadúil faoi agus cé gur mionlach iad lucht labhartha na Gaeilge i gceantar feidhme an chlub, fós tá an ceart ag an mionlach sin an Ghaeilge a úsáid gan a bheith leithscéalach faoi.

Chomh maith le sin tá sé mar aidhm den phlean eispéireas taitneamhach de labhairt na Gaeilge a thabhairt do imreoirí óga atá neamspleách ar an seomra ranga nó an teaghlach.

Cuirfidh an t- eispéireas seo, i bpáirt le obair na scoileanna agus na teaghlaigh a labhrann an Ghaeilge lena bpaistí, le caomhnú agus forbairt na Gaeilge mar theanga roghnaithe an phobail amach anseo.

9. Costas

Níl costas ag baint le tromlach mór na moltaí thuas a chur i gcrích.

costas ag baint leis an lámhleabhar (8.1.5 thuas) a chur le chéile. Moltar go bpléifí le Glór na nGael agus leis an FAI maidir leis an togra seo a thabhairt ar bord.

costas ag baint leis an suíomh gréasáin (8.2.2 thuas) a uasdátáil agus lorg an Ghaeilge a chur air. Moltar go bpléifí na féidirtheachtaí maidir leis an dtogra seo a thabhairt mar thogra do scoláire san tríú leibhéil.


10. Monatóireacht

Moltar go gcuirfidh an t-Oifigeach Gaeilge tuairisc ar fáil don Choiste Gnó i Mí Aibreán 2017 agus go bliaintiúil ina dhiaidh sin. Sa tuairisc do bheadh cur síos ar dul chun cinn, nó a mhalairt, maidir le h-úsáid na Gaeilge sa gClub. Má tá maoiniú curtha ar fáil don chlub ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta seolfar cóip den tuairisc chuig an Roinn i Mí Bealtaine go bliaintiúil.


11. Polasaí Teanga

(8.1.9 thuas). Tá polasaithe eile in úsáid ag an Club faoi láthair agus is mór an tacaíocht iad le treoir a thabhairt do na baill. Ina measc tá an FAI Code of Conduct for Coaches, an FAI Code of Conducts for Parent, Goal Post Safety agus araile

Moltar go dtógfaí an t-ábhar atá sa bPlean seo agus go ndréachtfar ‘Polasaí Gaeilge’ a bhéas mar threoir do baill an Chlub amach anseo mmaidir le stádas agus le h-úsáid na Gaeilge sag Club.


12. Giorrúcháin